Gaelcholáiste na Mara
CRUINNIÚ TUISMITHEOIRÍ
Beidh an cruinniú Tuismitheoirí/ Daltaí / Múinteoirí do Bhliain 2 ar siúl Déardaoin 2ú Feabhra. The Parent / Student / Teacher meeting for Form 2 students will take place on Thursday 2nd February.
PEIL GAELACH
Bhí bua iontach eile ag buachaillí na céad bliana Déardaoin i gcoinne Coláiste Craobh Ábhainn. Ba é an scór ar deireadh ná 12-11 i gcoinne 1-1. Beidh buachaillí GCM ag dul ar aghaidh go dtí an leath chraobh anois. Comhghairdeas buachaillí !!
The First year boys had another great win on Thursday, this time against Coláiste Craobh Ábhainn. The final score was 12-11 v 1-1. The GCM team will now proceed to the semi-finals. Congratulations buachaillí and well done!
DÍOSPÓIREACHTAÍ
Beidh scoláirí Ghaelcholáiste na Mara ag glacadh páirt i dtrí díospóireacht i rith na seachtaine seo. Beidh díospóireacht Concern, i gcoinne Coláiste Mhuire, ar siúl oíche Dé Luain sa Ghaelcholáiste. Beidh an díospóireacht leath-chraobh Chill Mhantáin, Environmental Awareness, ar siúl Dé Máirt in oifigí an Chomhairle Chontae, Chill Mhantáin. Beidh foireann eile ón scoil sa chraobh reigiúnach de chomórtas caint Poiblí Mental Health i mbaile Atha Cliath ar an Máirt i mbaile Átha Cliath. Go n-éirí an t-adh leis na scoláirí uile.
Students from Gaelcholáiste na Mara will be competing in three national and regional debates this week. The Concern debate, against St. Mary's College takes place in the Gaelcholáiste on Monday. Tuesday, GCM students participate in the regional final of the Environmental Awareness debating competition, organized by Wicklow County Council. Also, on Tuesday the Mental Health public speaking competition will feature a team from Gaelcholáiste na Mara, the current Wicklow champians. Best of Luck to all the teams.
CEARDLANN AR BHULAÍOCHT AR LÍNE
Bhain na scoláirí sóisearacha an-taitneamh as an gceardlann ar shlandáil ar líne a cuireadh ar fáil dóibh sa scoil Dé Máirt seo chaite. D'fhreastal siad ar dhráma ar an ábhar sin i dtosach agus ansin bhí seans acu ceisteanna a chur agus eolas breise a fháil chun iad féin a chosaint ó bhulaíocht ar líne.
All junior level students enjoyed and greatly appreciated the workshop on Cyber bullying and internet safety presented to them by the Buzzworx theatre company on Tuesday. Students firstly viewed a short drama and this was followed by a question and answer series when they go lots of tips and advice on keeping safe in cyber-space.
TRIAILSCRÚDAITHE
Go n-éirí an t-ádh le scoláirí na triú bliana a bheidh ag tosnú ar a dtriailscrúdaithe Dé Céadaoin. Best of luck to the third year students who begin their Mockexams on Wednesday.
COMENIUS
Beidh ceathrar scoláirí Idirbliana ag taisteal go dtí Duisberg, in aice le Dusseldorf sa Ghearmáin, Dé Domhnaigh ar thuras Comenius. Beidh na scoláirí ag fanacht le scoláirí Gearmáineacha agus ag freastal ar ranganna ina scoil. Beidh siad ag bualadh freisin le scoláirí eile ón Spáinn, ó Lituáin, ón Tuirc agus ó mbeilg atá ag obair ar chomh-thionscnamh leo. Ta an turas ar fad urraithe ag Léargas.
Four lucky TY students will be travelling to Duisberg, near Dussoldorf, in Germany on Sunday as part of the Comenius project. The students will stay with their counterparts in Germany and will also meet other students from Spain, Lituania, Turkey and Belgium who are working on a joint european project with Gaelcholáiste na Mara. The entire trip is funded by an EU grant secured from Léargas.